smmg: An illustration of a peacock from the Book of Kells (Default)
[personal profile] smmg
Seo iad mo phleananna le haighaidh foghlaim teangacha an bhliain seo agus an bhliain seo chugainn.


2025

An bhliain seo, thosaigh mé Sean-Ghaeilge i mí Eanáir, agus déanfaidh mé í an téarma seo (críochnóidh an téarma i mí Bealtaine). Is rang tosaitheoirí é, ach níl mé cinnte an féidir liom an meánrang a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair. Tá mé ag staidéar go páirtaimseartha anois, mar sin tá mé ag déanamh leath mo thríú bliana i 2024/2025, agus ansin tá mé ag déanamh an leath eile i 2025/2026. Níl a fhios agam an féidir liom an meánrang i 2025/2026 a dhéanamh, nó nach foláir dom a fanacht go dtí 2026/2027 (an chéad leath mo cheathrú bliana).

Tá mé ag déanamh Breatnaise agus Gaeilge fós. Tá mé ag déanamh ranganna Breatnaise san ollscoil, agus níl mé ag déanamh ranganna Gaeilge san ollscoil an téarma seo ach téim go ranganna mhic léinn eile. Bíonn mo mhúinteoirí ag múineadh i mBreatnais, mar sin is féidir liom mo Bhreatnais a chleachtadh i ngach rang. Ba mhaith liom rang aistriúchán Breatnaise a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair, agus beidh mé ag dul go na ranganna Gaeilge eile fós.

Tá mé ag déanamh Sínise an téarma seo, freisin. Críochnóidh na ranganna i mí Aibreáin. Ansin, i mí Bealtaine, ba mhaith liom ranganna Coirnise a thosú. Tá na ranganna ar líne. Ní maith liom ranganna ar líne a dhéanamh, ach is fearr liom a bheith ag foghlaim le rang agus múinteoir ná foghlaim i m'aonar. Tosóidh na ranganna i mí Bealtaine agus críochnóidh siad i mí Iúil.

I mí Lúnasa nó mí Mheán Fómhair, ba mhaith liom Albainis a thosú. Rinne mé beagán Albainise cheana féin, ach tá mé ag iarraidh foghlaim i gceart.


2026

Tá níos lú pleanna i 2026 agam, ach ba mhaith liom a bheith ag foghlaim Gearmáinise agus Jèrriais (Fraincis Geirsí).

Profile

smmg: An illustration of a peacock from the Book of Kells (Default)
S.H.M. Mac Giolla Íosa Gilbert

March 2026

S M T W T F S
1234567
891011121314
1516 1718192021
22232425262728
293031    

Style Credit

Expand Cut Tags

No cut tags
Page generated Mar. 22nd, 2026 10:09 pm
Powered by Dreamwidth Studios