Chuir likerainthatyousleptthrough ceist:
Táim gafa le do blagiontráilí! Cathain a thosaigh tú ag foghlaim na teangacha ceilteacha?
GRMA!!
Thosaíos ag foghlaim Breatnaise nuair a bhíos i mo pháiste sa scoil, mar is as an Bhreatain Bheag mé ach ní mhúinid an Bhreatnais go maith sa scoil mar sin d'fhoghlaimíos an chuid is mó mo Bhreatnaise i m'aonar sa bhaile :') Agus ina dhiaidh sin thosaíos ag dul go dtí an ollscoil le déanamh staidéar ar an Léann Ceilteach agus táim ag déanamh staidéar ar an mBreatnais agus ar an nGaelainn den chuid is mó.
Bhíos ag 'dabbling' i nGaelainn, i gCoirnis, agus i nGàidhlig nuair a bhíos i mo pháiste agus i mo dhéagóir, mar is as Corn na Breataine iad mo theaghlach agus as Éirinn agus as Albain. Thosaíos ag foghlaim Gaelainn Chonnacht ach táim ag athrú canúna agus anois táim ag triail Gaelainn na Mumhan a fhoghlaim. Thosaíos ag foghlaim níos mó Gaelainne san ollscoil, agus anois táim ag foghlaim Coirnise le Kesva an Taves Kernewek (Bord an Teanga Coirnise).
Dheineas Briotáinis i mo chéad bhliain san ollscoil, ach níl cuimhin liom go leor mo Bhriotáinise anois :( Tá uaim sí a fhoghlaim arís, agus tá uaim Gàidhlig a fhoghlaim agus Manainnis leis.
Agus thosaíos ag foghlaim Sean-Ghaelainn anuraidh i mí Eanáir.
Is aoibhinn liom ag caint fé na teangacha Ceilteacha yay yayy!!